• An Seinnteoir Raidió 1
  • An Seinnteoir Raidió 2
  • An Seinnteoir Raidió 3
  • An Seinnteoir Raidió 4

An Seinnteoir Raidió

Don chéad uair riamh, tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann á dtabhairt le chéile in aon láthair amháin ar an aip An Seinnteoir Raidió.
Forbartha ag RTÉ i gcomhar leis an IBI, is féidir teacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte in aon láthair amháin, chomh maith le podchraoltaí agus cláracha ar éilimh i nGaeilge.

Chomh maith leis na seirbhísí Gaeilge ar fad bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin, le comhéadan i nGaeilge, is féidir teacht freisin ar stáisiúin uile eile na hÉireann, is cuma Gaeilge nó Béarla.

Oibríonn An Seinnteoir Raidió thar cionn le gléasanna Android agus tá Mód an Chairr agus Amadóir Codlata ann freisin. Go bunúsach, is í an aip raidió is fearr ar domhan í!

Scrolláil trí na stáisiúin raidió atá molta duitse, féach céard atá ar fáil go háitiúil nó céard atá ag treochtáil, agus sábháil go héasca na stáisiúin agus na cláracha is fearr leat.

Tá seirbhísí raidió Gaeilge uile na hÉireann le fáil ar do Android, is cuma más seirbhísí náisiúnta nó pobail atá i gceist, is cuma cén taobh den teorainn a bhfuil siad lonnaithe. Is é seo an chéad uair RTÉ Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life, Raidió RíRá agus Raidió Fáilte bheith tugtha le chéile in aon láthair amháin.

Is comhpháirtíocht idir RTÉ agus Independent Broadcasters of Ireland (IBI) é An Seinnteoir Raidió, agus é d’fheidhm ag an tseirbhís raidió i nGaeilge a chur ar fáil ar an mbealach is éasca d’éisteoirí. Tá RTÉ ag tacú go láidir leis an togra, mar chuid de Phlean Gnímh Meáin Ghaeilge RTÉ, agus ag tabhairt san áireamh go gcuireann an eagraíocht seirbhís RTÉ Raidió na Gaeltachta ar fáil.

Tugann an IBI san áireamh UTV (a fheidhmíonn FM104, Q102, C103, Cork’s 96FM, Galway Bay FM, WLRFM, Live 95FM agus LMFM), agus Communicorp (a fheidhmíonn Newstalk, Today FM, TX FM, Spin 103.8 agus Spin Southwest).

I measc na stáisiún eile de chuid an IBI atá ar an Seinnteoir Raidió, tá Beat, Clare FM, Classic Hits 4fm, East Coast Radio, Highland Radio, iRadio, KCLR 96FM, Kfm, Midlands 103, Midwest Radio, Northern Sound, Ocean FM, Radio Kerry, Radio Nova, Red FM, Shannonside 104, South East Radio, Sunshine agus Tipp FM.

Category : Music & Audio

Related searches

Reviews (10)

Des. C. Jul 30, 2020     

It was good when I first downloaded it. Lately, it has been cutting out a lot and I have removed it and installed another Irish radio ap that is more consistently reliable.

Con. O. Jul 18, 2018     

Great app for radio stations, have the Irish ones in a favourites list so I can flick back and forth.

val. t. Dec 31, 2017     

The best stations. Brings back the memorys! Thank you. App works good

Bil. M. Aug 16, 2020     

Ridiculously useless. I used to love this app. Then they stopped supporting the podcasts they had been providing and now it takes you to a media sales site and provides no service of any kind.

Don. L. Sep 24, 2017     

Brilliant app. Highly recommended

A. G. u. May 30, 2020     

Not updated since 2017, unlike Radio Player app

Cia. Ó. F. M. O. Mar 18, 2018     

Aip thar cionn agus thar a bheith simplí le húsáid, go raibh míle maith agaibh as an uirlis iontach seo!!!

Tim. C. Aug 28, 2017     

App den scoth! Gabh raibh maith agaibh go leir as seo! Agus mise sa bhaile agamsa thar lear i mBostun, is brea liom a bheith abalta eisteacht leis an raidio beo!!!!

Sha. M. D. Sep 10, 2017     

Bainim a lán sult as an aip seo, agus mise i mo chónaí thar lear -GRMMA

Sea. C. Sep 27, 2016     

Helping me a great deal in picking up on my Irish again. FLAWLESS!